Search site
Gaelic Rings
Gaelic Journeys
History of Gaelic
Gaelic Language
Businesses
Our Partners
Travel
Contact Us

Fáilte

Na treibheanna i bpíobáin a chéile. Ionsaithe Lochlannach. Foghlaithe mara.

Breathnaigh faoi dhromchla cósta álainn na hAlban agus gheobhaidh tú stair atá beo le dráma agus diamhaireacht. Agus cén bealach is fearr chun é a fháil amach ná cuairt le Cearcaill na Gàidhlig?

Is éard is Cearcaill na Gàidhlig ann ná comhoibriú idir comhpháirtithe taistil ar thug a ndúthracht in éineacht as Gàidhlig agus as Gaelachas sé Cearcaill - nó cuairteanna - ar an saol, ag tabhairt isteach na n-oileán ó Ìle ó dheas go Leòdhas ó thuaidh agus tír mór Iarthar na Gàidhealtachd ó Cheann na Creige go hUlapul.

Tá a stair féin, a chuid comharthaí tíre agus a chuid scéalaíochta ag gach Cearcall do chách. Ní gá ach bealach a roghnú agus ligean dúinn tú a thabhairt siar chun breathnú ar an áit thábhachtach a d'imir an Ghàidhlig chun cruth a chur ar an am a caitheadh in Albain agus mar a bhaineann sí le hábhar fós sa lá atá inniu ann. Beidh deis ann freisin flaithiúlacht cháiliúil na nGael a bhlaiseadh ar an mbealach.

Dearadh an láithreán Gréasáin seo chun gach uile rud a thabhairt duit chun tús a chur le cúrsaí: dearcadh ar na Cearcaill Ghàidhlig ar fad, naisc le faisnéis taistil suas go dáta agus, mar spreagadh breise, na cuairteanna a thug roinnt daoine cáiliúla as Albain agus iad ag taisteal thart faoi cheann amháin de na Cearcaill.

Go n-éirí do bhóthar leat!